Maidir Linn

Club rugbaí cuimsitheach is ea Cork Hellhounds RFC, a bunaíodh i 2020 le daoine ón bpobal LADT a mhealladh chun an spórt a imirt, agus le héagsúlacht a ghníomhú sa phobal rugbaí i gCorcaigh agus timpeall Chúige Mumhain.

Bíonn seisiúin thraenála ar siúl dhá uair in aghaidh na seachtaine i gCathair Chorcaí, agus tá fáilte roimh chách, gan beann ar fhéiniúlacht ghnéasúil ná inscne, nó cibé saghas taithí atá agat sa rugbaí.

Moltar buidéal uisce a thabhairt dár gcuid seisiún traenála, agus má táthar réidh le páirt rialta a ghlacadh sa bhfoireann; garda béil agus búataisí rugbaí chomh maith.